Cumann Lúthchleas Gael Uladh

Ceisteanna Ceannais in Ard Mhacha do Sheachtain na Gaeilge

March 11th, 2014

trath-na-gceisteanna-uladh-march-2014

Tháinig foirne ó fhormhór na gcontaetha le chéile in Ard Mhacha Dé hAoine 7 Márta, chun páirt a ghlacadh i dTráth na gCeisteanna Boird CLG Uladh.

Is é seo an 11ú bliain as a chéile gur tionóladh babhta ceannais Uladh, ach i mbliana den chéad uair cuireadh ar siúl é mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

Bhí an lámh in uachtar le Corr na Féinne (An Cabhán), ní don chéad uair nó fiú don dara huair. Bhuaigh an fhoireann Bhréifneach le 90 marc. B’iad Gaeil Fhanaid (Dún na nGall) a tháinig sa dara háit, agus Bréadach (An Dún) sa tríú háit. ?Bhronn Pádraig Ó Connagáin, Cathaoirleach Coiste na Gaeilge agus na hOidhreachta Chomhairle Uladh CLG, na boinn ar na foirne sin ag an deireadh.

Rinne Coiste Cultúir CLG Ard Mhacha an t-imeacht a eagrú agus i gclubtheach CLG an Phiarsaigh Óig a tharla sé. Gabhtar buíochas leis na baill coiste, go háirithe Peadar Mac Murchaidh a scríobh na ceisteanna, Seán Ó Maoilsté a chuir na ceisteanna ar an oíche, Áinín Ní Eachaidh a chuidigh leis an mharcáil, agus Réamonn Ó Ciaráin a ghlac na grianghraif.

The Ulster GAA Irish language table quiz was held in Pearse Óg clubrooms, Ard Mhacha, on Friday 7 March, in conjunction with Seachtain na Gaeilge. Teams from most of the Ulster counties took part in the event, which was organised by the Ard Mhacha GAA Cultural Committee.

As is now somewhat customary, the honours went to Corr na Féinne / Cornafean of An Cabhán. Gaeil Fhanaid / Fanad Gaels of Dún na nGall came second, and Bréadach / Bredagh of An Dún came third.

Sign up now to get the latest from Ulster GAA