Cumann Lúthchleas Gael Uladh

GAA Clubs awarded Joe McDonagh Foundation Medals in 2022

February 21st, 2023

Boinn na Fondúireachta Bronnta ar Chlubanna CLG

Ar 2ú Nollaig, 2022, bhí oíche bhronnta na Fondúireachta ag Glór na nGael agus ag an CLG i bPáirc an Chrócaigh. Bhí Ambasadóir Gaeilge CLG, Paul Conroy agus Cathaoirleach Ghlór na nGael i láthair ar an oíche leis na boinn a bhronnadh ar na clubanna iontacha seo. Bhí baill Choiste Náisiúnta n gaeilge agus baill Ghlór na nGael féin i láthair chomh maith.

Caithfear obair na Fondúireachta a mholadh go crann na gréine. Ba mhaith le CLG Uladh comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis na clubanna ó gach cearn den tír a raibh bonn bronnta orthu, go háirithe clubanna Uladh a léiríonn ceannaireacht agus dílseacht ina gcuid oibre ar son na teanga.

Bronnadh bonn óir ar Thoigh Chonnachta, An Dún mar chuid den ócáid seo, agus caithfear obair an chlub seo a mholadh go hard. Comhghairdeas libh, agus tá bród orainne as bhur n-éachtaí.

See below the list of Ulster clubs awarded medals as part of Glór na nGael’s Joe McDonagh Foundation to recognise efforts and successes in promoting and using An Ghaeilge within our GAA clubs.

Féach thíos ar liosta na gclubanna ón chúige a fuair bonn mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2022:

Bonn Óir / Gold Medal:

  • Toigh Chonnachta, An Dún

Bonn Airgid / Silver Medal:

  • Droichead Mhaigh Eo, An Dún
  • Eoghan Rua, Cill Chua, An Dún
  • Ard Ghlais, An Dún
  • Lámh Dhearg, Aontroim
  • Ruairí Óg CLG, Bun Abhann Dalla, Aontroim
  • Raonaithe na Croise CLG, Ard Mhacha
  • Tír na nÓg CLG, Aontroim
  • Roibeard Eiméid CLG, Sleacht Néill, Doire
  • Naomh Columba CLG, Gleann Cholm Cille, Dún na nGall
  • Éire Óg CLG, An Charraig Mhór, Tír Eoghain

Bonn Cré-umha / Bronze Medal:

  • An Craobh Rua CLG, An Bearach, Tír Eoghain
  • Conn Mag Aoidh, Aontroim
  • Mac Uílín CLG, Aontroim
  • Oirthear Bhéal Feirste, Aontroim
  • Clann Éireann, Ard Mhacha
  • Na Magha CLG, Doire
  • Naomh Colm CLG, Baile na Scríne, Doire
  • Naomh Mhuire CLG, Nua Chongbháil, Doire
  • Gaeil Fhánada, Dún na nGall
  • Gaeil Leitir Ceanainn, Dún na nGall
  • Gaeil Inis Ceithleann CLG, Fear Manach
  • An Chéad Chumann CLG, An Baile Nua, Fear Manach
  • Cumann Mhig Uidhir, An t-Iompú, Fear Manach
  • Uí Chonaill CLG Doire Uí Loin, Fear Manach
  • Seamróga Tigh Mór, Fear Manach
  • Naomh Pádraig CLG, Domhnach, Fear Manach
  • Naomh Pádraig CLG, Domhnach Mór, Tír Eoghain
  • An Clochar Éire Óg, Tír Eoghain
  • Piarsaigh an Ghallbhaile, Tír Eoghain

Sign up now to get the latest from Ulster GAA