Cumann Lúthchleas Gael Uladh

Fiche bonn FSMD bronnta ar chúige Uladh ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh

December 9th, 2023

 

Bronnadh 55 bonn de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar 55 club éagsúil, 20 bonn d’Uladh san áireamh, trathnóna Dé hAoine ag ócáid bhronnta i bPáirc an Chrócaígh – 1 bonn óir, 6 bonn airgid agus 13 bonn cré-umha mar aitheantas ar a gcuid oibre ag cur chun cinn na Gaeilge ina gclubanna.

Ba í an craoltóir spóirt agus Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, Gráinne McElwain, a bhí mar bhean an tí ag an ocáid. I láthair ag an ócáid, freisin, bhí Ambasadóir Gaeilge CLG, Paul Flanagan.

Is scéim tacaíochta de chuid Chumann Lúthchleas Gael agus Ghlór na nGael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha atá dírithe ar chlubanna CLG atá gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge. Is iad Glór na nGael a riarann an scéim seo i gcomhar le Coiste Náisiúnta Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael.

Cuireann clubanna fud fad na tíre an Ghaeilge chun cinn ina gcuid clubanna gan aon aitheantas. Is é cuspóir na fondúireachta seo ná aitheantas a thabhairt don obair sin, agus deis a thabhairt do chlubanna forbairt a dhéanamh ar an obair sin, ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte. Tá treoir agus moltaí ar fáil don scéim seo ach teagmháil a dhéanamh le clg@glornangael.ie nó is féidir dul i dteagmháil le Niamh.mcelduff.ulster@gaa.ie

Mar chuid den fhondúireacht seo, freisin, tá ciste miondeontas ann le cabhrú le clubanna imeachtaí Gaeilge a eagrú ina gcuid clubanna. Cuirtear na cistí seo ar fáil ag amantaí éagsúla le linn na bliana. Bronntar boinn chré-umha, airgid agus óir ar chlubanna ag deireadh na bliana – ag brath ar an líon spriocanna a leagtar síos san Fhondúireacht a bheith bainte amach ag clubanna.

Is in ómós do Sheosamh Mac Donncha (1953-2016) a cuireadh an Fhondúireacht seo ar bun. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinne le linn a shaoil. D’éirigh leis an post is airde i gCumann Lúthchleas Gael a bhaint amach. Mar iománaí, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar thar Sionainn agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach, agus ina chathaoirleach, ar chuid de mhóreagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.

Boinn Óir 2023

  • Laochra Loch Lao, Aontroim

Boinn Airgid

  • Clann Éireann, Ard Mhacha
  • Naomh Peadar CLG An Lorgain, Ard Mhacha
  • Tír na nÓg Port an Dúnáin, Ard Mhacha
  • CLG-CC Naomh Colum Cille, Oileán agus Cluain, Tír Eoghain
  • CLG Mhic Uidhir, An t-Iompú Deiseal, Fear Manach
  • Beart CLG, Dún na nGall

 

 

Boinn Chré-Umha

  • Achadh Dearg/Baile an Mhéirligh, An Dún
  • Na Cláirsigh, Béal Átha an Airgid, Ard Mhacha
  • Clan na Gael, Ard Mhacha
  • Na Cláirsigh, Ard Mhacha, Ard Mhacha
  • Naomh Muire, Achadh Eochaille, Aontroim
  • Na Gaeil CLG, Ciarrraí
  • Naomh Treasa, Loch Mhic Ruairí, Tír Eoghain
  • Loch Gamhna, An Cabhan
  • Cill Chartha CLG, Dún na nGall
  • Trí Leac Naomh Mhic Artáin, Tír Eoghain
  • Naomh Muire Droichead Mhig Uidhir, Fear Manach
  • An Táite Riabhach, Naomh Pádraig, Tír Eoghain
  • Naomh Pádraig An Goirtín, Tír Eoghain
  • Cumann Iománaíochta Eoghain Ruaidh, Tír Eoghain

Sign up now to get the latest from Ulster GAA