Cumann Lúthchleas Gael Uladh

Ulster Tráth na gCeist Bord

December 16th, 2023

Ar 8ú Nollaig 2023, chruinnigh clubanna Uladh le chéile i gclubtheach na bPiarsach Óg in Ard Mhacha le haghaidh babhta an chúige de Thráth na gCeist Bord.

Bhí Eunan Magee as Naomh Peadar, An Lorgáin mar mháistir na gceisteanna ar an oíche, agus ba mhaith le CLG Uladh, le Coiste na Gaeilge agus na hOidhreachta agus leis an foirne a bhí i láthair ár mbuíochas a ghabháil leis as na ceisteanna iontacha a bhí aige agus ag Niall Comer do na clubanna. Bhí comórtas den scoth ann. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil, fosta, le Chris McCaffrey as Fear Manach agus Cáit Ní Choirbhín ó Ghlór na nGael a chuidigh ar an oíche chomh maith.

Chuaigh trí fhoireann chun tosaigh chuig an bhabhta náisiúnta i bPáirc an Chrócaigh, a bheas ar siúl faoi stiúir Choiste Náisiúnta na Gaeilge. Comhghairdeas le foirne Uladh a bheas ann ar an lá sin, agus go n-éirí go geal leo:

  • An Bhréadach, An Dún
  • Corr na Féinne, An Cabhán
  • Boireann, An Dún

On the 8th of December 2023, the Ulster round of Tráth na gCeist Bord took place in Piaras Ógs clubhouse, Armagh. With Eunan Magee as question master on the evening, a competitive contest took place. Ulster GAA and the participating clubs would like to thank Eunan for his time and effort. Thanks also to Niall Comer for putting together a set of fantastic questions. Three teams advanced from this provincial heat to the All-Ireland round, which will take place in Croke Park. Ádh mór orthu!

Sign up now to get the latest from Ulster GAA