Cumann Lúthchleas Gael Uladh

Pop Up Gaeltacht – Cluiche Ceannais an Chraobhchomórtais 2024

May 14th, 2024

Ar 12 Bealtaine 2024, d’imir Dún na nGall in éadan Ard Mhacha i gcluiche ceannais peile Uladh agus teach lán ann lena fheiceáil.

Bhí cuid mhór mhaith siamsaíochta i gCluain Eois ar an lá féin, fanzone CLG Uladh, fáilte Uí Cheallaigh curtha roimh an lucht féachana ó More Power to Your Elbow,  Q Radio i láthair le gunnaí na ngeansaithe agus go leor eile nach iad. Bhí Cluain Eois lán le dathanna na gcontaetha, le hóg agus aosta, teaghlaigh, cairde agus an lucht tacaíochta amuigh ar na sráideanna.

 

Tá an Ghaeilge ag croílár an Chumainn, agus tá ról lárnach ag an teanga sna cláir, sna cluichí agus sa tsiamsaíocht roimh an chluiche ceannais go háirithe. Bhí Pop Up Gaeltacht le feiceáil agus le cloisteáil taobh thiar d’Ardán Ghearóid Mhic Artúir, ag déanamh ceiliúrtha ar an rud is craobhchomórtas peile Uladh ann: an pheil, an iomaíocht, an comhluadar, an cairdeas agus an pobal. Bhí atmaisféar ar dóigh ann le Leah McKenna agus Connie Ní Chorragáin ag péinteáil aghaidheanna, ceol iontach againn ó Sean McCaugue, Mark Clerkin, Cian Murphy agus Patrick Ó Corragáin, sonóg mhór na Gaeilge (Jamie Ní Chorragáin), agus leis na damhsóirí óga iontacha, Peter agus Niamh McCarra ó CLG na Botha, Muineachán.

Bhí aíonna speisialta i measc na nGaeilgeoirí ag an Pop-Up: Uachtarán CLG Uladh, Iarlaith Ó Broin, Uachtarán CLG Uladh, Ciarán Mac Lochlainn, Iar-uachtarán an CLG, Aogán Ó Fearghail, Máire Ní Chóchláin, Cathaoirleach Dhún na nGall, chomh maith le himreoirí, le hionadaithe na meán agus le baill an chumainn.

Ulster GAA collaborated with Oifigeach Gaeilge agus Cultúir for Muineachán, Mickey Corrigan on this event, with support from Coiste Cultúir Mhuineacháin (Caroline, Olivia agus Ciara) Muineachán le Gaeilge, Conradh na Gaeilge (Seán Ó Murchadha), and our young club members who entertained the crowds with ceol agus damhsa. Táimid go mór faoi chomaoin acu uilig. Go dtí an chéad uair eile!  #GAAGaeilge

Sign up now to get the latest from Ulster GAA