Boinn Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha bronnta ar 26 chlub as Cúige Uladh

By Michael Devlin Thu 20th Nov

Cumann Lúthchleas Gael Uladh
Boinn Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha bronnta ar 26 chlub as Cúige Uladh
Boinn Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha bronnta ar 26 chlub as Cúige Uladh

Ag ócáid bhronnta I bPáirc an Chrócaigh Dé hAoine 14 Samhain bronnadh boinn de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha ar 26 chlub as Cúige Uladh.

Clubanna as 7 gcontae I gCúige Uladh a fuair bonn ar an oíche agus as an 26 bhonn, bronnadh 18 bhonn cré-umha, 7 mbonn airgid agus bonn óir amháin go dtí CLG An Chlocháin Léith.

Den chéad uair bronnadh boinn ar bhordanna chontae go maith agus arís eile, bhí contaethe Ultacha ar an ardán. Bronnadh bonn cré-umha ar chontae Thír Eoghain agus bonn airgid ar chontae Mhuineacháin.

Is scéim chomhpháirtíochta í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha idir CLG agus Glór na nGael. Tá an chomhpháirtíocht tiomanta do láithreacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú i gclubanna de chuid CLG ar fud na tíre. Is fianaise iad na boinn seo a bronnadh ar iarrachtaí leanúnacha na gclubanna chun an Ghaeilge a chomhtháthú ina ngníomhaíochtaí agus chun a fás a chothú i measc a mball agus a bpobal.

Seo a leanas na clubanna ar éirigh leo bonn a thabhairt abhaile ar son mhuintir an chlub:

Co. Aontroma:

  • Mac Uílín CLG – Bonn Cré-Umha / MacQuillan’s GAA Ballycastle – Bronze Award

Co. Ard Mhacha:

  • Naomh Pádraig CLG, Coilleach Eanach – Bonn Airgid / St Patrick’s GAA Cullyhanna – Silver Award
  • Cumann Sheáin Ui Neill, CLG – Bonn Airgid / Shane O’Neill’s Camloch – Silver Award
  • Naomh Pól an Lorgain – Bonn Cré-Umha / St Paul’s Lurgan – Bronze Award
  • Cumann Iománaíochta Sheáin Uí Threasaigh – Bonn Cré-Umha / Sean Treacy’s Hurling Club Lurgan – Bronze Award

Co. Dhún na nGall:

  • Naomh Muire Íochtar na Rosann CLG – Bonn Cré-Umha / Naomh Muire – Bronze Award
  • Naomh Adhamhnáin CLG – Bonn Cré-Umha / St Eunan’s – Bronze Award
  • Na Rossa CLG – Bonn Cré-Umha – / Na Rossa – Bronze Award
  • Na Dúnaibh CLG – Bonn Cré-Umha / Downings – Bronze Award
  • An Clochán Liath CLG – Bonn Óir / Dungloe – Gold Award

Co. an Dúin:

  • Toigh Chonnachta, CLG – Bonn Airgid / Teconnaught – Silver Award
  • Achadh Dearg + Baile Uí Mhearlaigh – Bonn Airgid / Aghaderg / Ballyvarley – Silver Award
  • Tulach Lís CLG – Bonn Cré-Umha / Tullylish – Bronze Award
  • Naomh Pádraig CLG, Sabhall – Bonn Cré-Umha / Saul – Bronze Award
  • Naomh Eoin Bosco CLG – Bonn Cré-Umha St John’s Bosco – Bronze Award
  • Droim Ga CLG – Bonn Cré-Umha / Drumgath – Bronze Award
  • Cumann Pheadair Naofa – Bonn Cré-Umha / Warrenpoint – Bronze Award
  • Baile Mháirtín CLG – Bonn Cré-Umha / Ballymartin – Bronze Award

Co. Fhear Manach:

  • An Chéad Chumann CLG, An Baile Nua – Bonn Airgid / Newtownbutler First Fermanagh’s – Silver Award
  • Gaeil Inis Ceithleann CLG – Bonn Cré-Umha / Enniskillen Gaels – Bronze Award

Co. Mhuineacháin:

  • Tigh Thalainn – Bonn Cré-Umha / Tyholland – Bronze Award
  • An Bhoth CLG – Bonn Cré-Umha / Scotstown – Bronze Award
  • Achadh na Muileann CLG – Bonn Cré-Umha / Aughnamullen – Bronze Award

Co. Thír Eoghain:

  • Naomh Colmcille CLG, An Charraig Mhór – Bonn Airgid / Carrickmore – Silver Award
  • Éire Óg CLG, An Charraig Mhór (Iománaíocht) – Bonn Airgid / Éire Óg Carrickmore – Silver Award
  • Mná an Droma Mhóir – Bonn Cré-Umha / Dromore Ladies – Bronze Award

 

Tír Eoghain – Bonn Cré Umha / Tyrone – Bronze Award

Muineachán – Bonn Airgid / Monaghan – Silver Award

By Michael Devlin Thu 20th Nov

Related News

View All

Newsletter Sign-up