Cumann Lúthchleas Gael Uladh

Cúrsa de Faoite 2024

August 16th, 2024

D’fhreastail níos mó ná trí scór, baill CLG ina measc, ar Chúrsa de Faoite sna Dúnaibh ag tús mhí Iúil 2024.

Is éard a bhí roimh scoláirí an chúrsa ná Gaeilge a fhoghlaim den chéad uair, nó snas a chur ar an Ghaeilge a bhí acu cheana. Is minic a fheictear daoine ag filleadh ar an teanga agus meirg ar a gcuid Gaeilge, tugann cúrsaí mar seo deis do dhaoine fásta an Ghaeilge a fhoghlaim agus a bhlaiseadh tríd eispéireas tumthach.

Over 60 people attended Cúrsa de Faoite, Ulster GAA’s flagship Gaeltacht course in Downings, Dún na nGall in early July. The immersive language environment provides an excellent opportunity for those starting out on their language learning journey to dive in and learn as much as possible on a residential course, and to those returning to the language to improve on their standard.

Bhí 4 leibhéal ar fáil: Bunrang, Meánrang Íochtarach, Meánrang Uachtarach agus Ardrang. Bhí baill i láthair ó gach contae in Uladh, chomh maith le contaetha ó chúigí eile: Gaillimh, Port Láirge agus Baile Átha Cliath ina measc.

Bhí gné den CLG bainteach le gach oíche ar an chúrsa. Ar an chéad oíche sin, bhí Tráth na gCeist again sa chlubtheach agus bhain na foirne uilig sult agus tairbhe as an deis rudaí úra a fhoghlaim agus spraoi a bheith acu leis na foghlaimeoirí eile.

The students attended classes over 4 levels – beginners, lower and higher intermediate, and advanced. The classes were delivered by Mícheál Mac Laifeartaigh, Róise Ní hOireachtaigh, Séamus Ó hOireachtaigh and Dr Tricia Ní Chearra (Oifigeach Gaeilge CLG Uladh). Each evening event was catered towards GAA disciplines. The students enjoyed a quiz on the first night.

Rinneadh oíche mhór mhaith d’oíche Mháirt, nó tháinig Uachtarán CLG Uladh chuig na Dúnaibh le labhairt le lucht an chúrsa, agus le muintir na háite faoina chúlra CLG, faoina ról reatha, agus fá ról na Gaeilge ina shaol. Bhí halla an chlub lán ó chúl go doras, agus thug níos mó ná ceithre scór cluas don Uachtarán agus é i mbun cainte. Bhí Jarlath sásta ceisteanna ón lucht féachana a fhreagairt ar feadh tamaill i ndiaidh na cainte chomh maith. Bhí RTÉ Raidió na Gaeltachta inár gcuideachta leis an imeacht a chlúdach agus a chraoladh:

Éist siar le hUachtarán CLG Uladh, Jarlath Burns, agus baill an choiste agus iad faoi agallamh ag Conor ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 Night two saw the president of An CLG, Jarlath Burns, as guest speaker of Cúrsa de Faoite 2024. Jarlath spoke to a packed CLG na nDúnaibh, with both course attendees and locals gathering to hear about his GAA background, the role of An Ghaeilge in his life and his experience now as Uachtarán.

Cuireadh clabhsúr ar an chúrsa le hoíche na siamsaíochta, bhí ceol, damhsa agus amhránaíocht ar siúl. Buíochas ó chroí leis na ceoltoirí, leis na múinteoirí, le coiste an chúrsa agus le muintir an cheantair a thacaigh le CLG Uladh an cúrsa seo a reáchtáil.

Go mbeirimid beo ar an am seo arís!

 

Sign up now to get the latest from Ulster GAA