Cumann Lúthchleas Gael Uladh

Laochra Loch Lao: Buaiteoirí Chlub Gaeilge na Bliana 2022

March 7th, 2023

Bhí Gradaim CLG Uladh ann den chéad uair ag deireadh mhí na Samhna 2022. Mar chuid den ócáid iontach seo, chinn CLG Uladh ar aitheanas a thabhairt do chlub amháin as a gcuid oibre ar son na teanga.

Tá CLG Uladh go mór faoi chomaoin ag na clubanna iontacha fud fad an chúige seo a thugann tús áite don Ghaeilge i saol an chlub. Ní amháin go mbíonn siad dílis do chuir chun cinn na teanga, ach déantar iarracht nach beag an teanga a normalú i measc na gclubanna agus taobh istigh den Chumann féin. Eagraítear ranganna, clubanna óige, feachtais ar na meáin shóisialta, seisiúin traenála agus cóitseála agus go leor eile nach iad trí mheán na Gaeilge.

Bhí níos mó ná 40 club istigh ar an ghradam úr seo, agus cé go raibh gach ceann acu iontach go deo láidir, sheas club amháin amach mar eiseamláir nó iadsan a leagan síos an slat tomhais do chlubanna fud fad Chúige Uladh maidir leis an teanga a fhorbairt agus a fhás taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael: Laochra Loch Lao, Contae Aontroma.

Feidhmíonn Laochra Loch Lao CLG go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Cuireadh na Laochra ar bun mar chomhchumann in 2006 le pobal na Gaeilge a raibh spéis acu sa spórt a tharraingt le chéile, agus in 2023, tá os cionn 400 ball ag an chlub. Déantar gach seisiún traenála agus gnó an chumainn trí mheán na Gaeilge, tá grúpa tuistí le Gaeilge acu, glacann an cumann páirt i gcomórtas peile na Gaeltachta, agus is iad atá gníomhach sa Líonra Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste.

Comhghairdeas ó chroí leis na Laochra, agus molann Comhairle Uladh CLG go hard na hoifigigh, na himreoirí, na baill, agus na hoibrithe deonacha atá ag croí an chlub. Go n-éirí go geal libh sa todhchaí, agus go dté sibh ó neart go neart.

Sign up now to get the latest from Ulster GAA