Cumann Lúthchleas Gael Uladh

Club Gaeilge na Bliana 2023: An Gearrliosta – CLG Naomh Peadar, Ard Mhacha

March 11th, 2024

Tá CLG Uladh go mór faoi chomaoin ag na clubanna iontacha fud fad an chúige seo a dhéanann obair iontach ar son na teanga.

Táimid eolach ar chuid mhaith den obair seo. Tá go leor oibre ag dul ar aghaidh nach bhfuil i mbéal an phobail, áfach, agus tá sé rí-thábhachtach go dtugtar aird ar na hiarrachtaí sin. Is as an bhearna sin a d’eascair coincheap an ghradaim seo. Ba mhaith linn deis a thabhairt do chlub amháin gach bliain aird a tharraingt orthu féin, agus a gcuid oibre ar son na Gaeilge a chur ar ár súile dúinn.

Comhghairdeas le CLG Naomh Peadar, Ard Mhacha, a bhain áit amach ar ghearrliosta an ghradaim don obair a rinneadh le linn 2023. Tá obair na gcapall déanta ag lucht na Gaeilge sa chlub.

I measc na rudaí atá déanta acu, tá:

  • Oifigeach na n-óg ceaptha
  • Caidreamh cothaithe ag an chlub le heagraíochtaí eile, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus Conradh na Gaeilge ina measc
  • Ranganna Gaeilge acu
  • Comharthaíocht sa Ghaeilge
  • Léacht le cloisteáil uair sa bhliain
  • Bonn Airgid bainte amach
  • An Ghaeilge le léamh agus le cloisteáil sa chlubtheach agus sa cheantar dá bharr

Níl aon amhras ach go bhfuil dul chun cinn déanta ag CLG Naomh Peadar maidir le forbairt agus fás na Gaeilge, agus tá sé sin le feiceáil sna ranganna a reáchtáiltear trí líonsa na Gaeilge: cócaireacht agus aclaíocht, mar shampla. Is féidir níos mó a léamh faoin chlub in CLG Uladh: Todhchaí do Chách, straitéis na heagraíochta 2024-2028. Tá CLG Naomh Peadar luaite sa straitéis mar dhea-shampla ar chlub a bhfuil úsáid agus forbairt na teanga ag a chroílár – https://ulster.gaa.ie/council/strategic-plans/

 

Naomh Peadar, Ard Mhacha made the shortlist for Club Gaeilge na Bliana 2023 for their impressive work to integrate Gaeilge into all aspects of club life. Some examples of the work carried out by the Gaeilge stalwarts in the club are:

  • Appointment of a youth officer
  • Relationship between the club and other organisations in the sector, such as Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Conradh na Gaeilge and other GAA clubs in Lurgan
  • Irish language classes
  • Gaeilge signage
  • Lectures annually
  • Silver award with Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha achieved
  • Irish visible in the clubhouse and in the local area because of the club’s efforts

Naomh Peadar CLG also ensures to introduce skills to club members through the lense of Irish, with fitness and cooking classes organised through Gaeilge. You can read more about the club in Ulster GAA’s 2024-2028 strategy, as Naomh Peadar is named as an exemplary club for Gaeilge efforts.

 

Sign up now to get the latest from Ulster GAA