Cumann Lúthchleas Gael Uladh

Club Gaeilge na Bliana 2023: An Gearrliosta – CLG Thigh Chonnacht, An Dún

March 15th, 2024

Tá CLG Uladh go mór faoi chomaoin ag na clubanna iontacha fud fad an chúige seo a dhéanann obair iontach ar son na teanga.

Táimid eolach ar chuid mhaith den obair seo. Tá go leor oibre ag dul ar aghaidh nach bhfuil i mbéal an phobail, áfach, agus tá sé rí-thábhachtach go dtugtar aird ar na hiarrachtaí sin. Is as an bhearna sin a d’eascair coincheap an ghradaim seo. Ba mhaith linn deis a thabhairt do chlub amháin gach bliain aird a tharraingt orthu féin, agus a gcuid oibre ar son na Gaeilge a chur ar ár súile dúinn.

Ba mhaith linn comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Tigh Chonnacht, An Dún agus iad a mholadh go hard na spéire as an obair atá déanta acu.

Is iomaí rud ata ar bun ag an chlub, i measc na n-iarrachtaí a rinneadh in 2023, tá:

  • Múinteoirí i dtrí bhunscoil sa cheantar agus tá 530 páiste ag foghlaim na Gaeilge sa pharóiste dá bharr.
  • Ranganna ann do dhaoine fásta chomh maith agus fáinní bronnta ar fhoghlaimeoirí.
  • Imeachtaí oíche á reáchtáil le aíonna speisialta, Uachtarán CLG ina measc!
  • An Ghaeilge le feiceáil ar chomharthaíocht an chlub, agus ar na meáin shóisialta.
  • Comhoibriú maidir le forbairt na teanga ar bun le clubanna fud fad an oileáin.
  • Bonn Óir de chuid na Fondúireachta ag an chlub ó bhí 2022 ann.

Ulster GAA is delighted to profile our final shortlisted club for Club Gaeilge na Bliana 2023 and congratulates Teconnaught for making the shortlist for the second year running. An outstanding club i gContae an Dúin, the club was awarded Bonn Óir, the Gold Award on Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha in 2022 and will retain the status of that achievement for 3 years.

Amongst their achievments in 2023, were:

  •  A teacher provided to three schools in the area to teach Gaeilge, with 530 children learning the language in the area as a result.
  • Classes for adults at all levels.
  • Social and evening events organised through Gaeilge, including an evening with GAA President, Jarlath Burns.
  • Gaeilge is visible and to the fore in the club: on stationery, on signage and on social media platforms.
  • Collaborative promotional work with clubs in Ulster and across Ireland.

Comhghairdeas libh, muintir Thigh Chonnacht, bíodh bród oraibh as bhur n-éachtaí!

Sign up now to get the latest from Ulster GAA