Cumann Lúthchleas Gael Uladh

Scéal na Míosa – Aibreán 2020

Tá cuid mhaith den tír ag caitheamh a gcuid ama sa bhaile agus an domhan ag troid in éadan an choróinvíris.

Tháinig pobal CLG na tíre le chéile le linn na géarchéime seo ar dóigh a chuirfeadh gliondar ar do chroí. Táimid in amhras anois nach gcuirfidh Cóvid-19 isteach ar chúrsaí CLG i mbliana agus ar chúrsaí spóirt go ginearálta. Bímis dóchasach, áfach, nach gcuirfidh an víreas isteach ar an dóchas, ar an chairdeas, ar an chomhrá agus ar an fhoghlaim.

Is ar an fhoghlaim sin a bhí aird CLG Uladh dírithe le linn na míosa seo. Tá foireann CLG Uladh ag foghlaim na Gaeilge le ceacht gach seachtain ar sheomra ranga de chuid Google! Tá foireann na hoifige ag iarraidh a gcuid Gaeilge a fheabhsú, agus cuid acu ag tús thuras na foghlama. Tá físeáin ag dul in airde ar na meáin shóisialta gach seachtain agus baill óga an CLG páirteach iontu. Tá na daoine óga seo ag tabhairt frásaí nua dúinn gach seachtain, sa dóigh gur féidir lenár mbaill sa bhaile an Ghaeilge a chleachtadh.

Rinneadh iniúchadh ar chlubanna Uladh ag deireadh 2019, agus stádas na Gaeilge sna clubanna sin faoi chaibidil. D’iarr muid ar ár gclubanna moltaí a thabhairt dúinn maidir leis na haiseanna atá acu le teagasc na Gaeilge agus an Ghaeilge i measc na gcóitseálaithe sa chlub.

Léiríonn físghrafaic faisnéise go bhfuil níos mó ná 160 oifigeach Gaeilge againn sa Chúige, rud a nochtann go bhfuil obair iontach ar bun in Uladh an Ghaeilge a chur chun cinn. Dúirt cuid mhaith dár gclubanna go raibh tacaíocht de dhíth orthu le haiseanna foghlama; as sin a d’eascair ‘Foghlaim sa Chlub’, plean teagaisc do chlubanna an Chúige a bheas foilsithe i ndiaidh an tsamhraidh. Tá Ollscoil Uladh agus Foras na Gaeilge páirteach sa tionscadal seo, agus táimid ag dúil go mór leis an acmhainn iontach seo a chur ar fáil daoibh.

Tá téama na foghlama in aghaidh an choróinvíris soiléir ón iarracht ar leith atá déanta ag clubanna na tíre an Ghaeilge a theagasc agus a chur chun cinn agus a mbaill sa bhaile. Tá cumhacht na teicneolaíochta go mór chun tosaigh ar na saolta seo.

Tá acmhainn iontach foilsithe ag an CLG agus ag Oifigeach Gaeilge an CLG, Jamie Ó Tuama. Is é sin ‘Cuaille’, iris nua ar líne a chuirfeas go mór le ról na Gaeilge sa chumann. Is cinnte go mbainfidh idir óg agus aosta sult as an iris iontach seo. Tá ceachtanna foghlama ar fáil san iris, agus agallamh iontach le laoch Ard Mhacha le linn na míosa seo, Jarlath Óg Burns.

Caithfidh CLG Uladh Cúrsa Cúimhneacháin Shéamuis de Faoite a chur ar ceal i mbliana agus pobal an CLG ag troid in éadan an chóirinvíris. Is cuid lárnach d’fhéilire an CLG é an cúrsa seo, agus is mór an trua é nach mbeidh an cúrsa againn in 2020. Táimid ag dúil go mór lenár mbaill a fheiceáil an bhliain seo chugainn.

Sign up now to get the latest from Ulster GAA