Cumann Lúthchleas Gael Uladh

Seachtain na Gaeilge 2023 in Ulster

March 28th, 2023

AONTROIM 

Laochra Loch Lao

Ní haon ionadh go bhfuil Club Gaeilge na bliana 2022, Laochra Loch Lao, ag cuir réimse leathan imeachtaí ar fáil chun an Ghaeilge a chuir chun cinn i rith Seachtain na Gaeilge. Sa chlár, beidh dianchúrsaí, ranganna Ghaeilge agus lá spraoi teaghlaigh ar mhaithe leis an teaghlach uilig a bheith páirteach. Is léir go bhfuil siad ag iarradh achan leibhéal Gaeilge a chuir san áireamh le ranganna le haghaidh cómhra bunúsach a fhorbairt. Is féidir dul i dteagmháil leis an t-oifigeach forbartha Gaeilge agus cultúr, Brian Mac an tSionnaigh faoi choinne tuilleadh eolais.

It is no surprise that the Club Gaeilge na bliana 2022, Laochra Loch Lao, have provided a wide variety of events to promote the Irish language during Seachtain na Gaeilge 2023. Their timetable includes an Irish crash course, Irish language classes and a family fun day in an effort to involve all of the family. They are also trying to cater for all levels of Irish by including classes in basic conversation. You can contact their culture and language officer, Brian Mac an tSionnaigh for more information on 07873370259.

 

Ruairí Óg

Tá neart clubanna i gcúige Uladh ag déanamh a ndícheall an Ghaeilge a chuir chun cinn go rialta agus go háirithe i rith Seachtain na Gaeilge, gan trácht ar chlub ar iarradh leo an ghearrliosta a bhaint amach do Chlub Ghaeilge na Bliana 2022. I mbliana, tá réimse leathan gníomhaíochtaí eagraithe ag Gaeil Ruairí Óg do bhaill an chumainn i rith seachtain na Gaeilge. Tá ranganna Gaeilge, dianchúrsaí, TobGaeltacht le craic agus cómhra ina measc. Is léir go ndéanann siad iarracht an teanga a chuir san áireamh do imeachtaí eile cosúil leis an fógraíocht don Íoga atá eagraithe acu chomh maith. Maith iad.

There are many clubs in Ulster who are trying their best to promote Gaeilge regularly and throughout Seachtain na Gaeilge, in particular. Not to mention a club who was shortlisted for Club Gaeilge na blinana 2022. This year, Gaeil Ruairí Óg had organised a wide range of activities for club members throughout Seachtain na Gaeilge. This included Irish language classes, crash courses and a pop-up Gaeltacht with craic and conversation. It’s clear that they try to include the language in other events also, like in their advertising for the yoga they’ve organised also.

DOIRE

CLG Roibeard Eiméid Sleacht Néill

Tá neart beartaithe ag CLG Roibeard Eiméid, Sleacht Néill chun aird a dhíriú ar Seachtain na Gaeilge. Tá imeachtaí soisialta mar shampla an maidin chaife agus imeachtaí don chlann ar fad san áireamh acu leis an tóraíocht mistéire. Is maith an rud é go bhfuil siad ag déanamh a ndícheal an nasc leis an bhunscoil a choinneáil agus iniúchadh a dhéanamh ar na dóigheanna a dtig linn an Gaeilge a chuir chun cinn le chéile.

CLG Roibeard Eiméid, Sleacht Néíll organised plenty of events to highlight Seachtain na Gaeilge. They included social events like their coffee morning and events for all of the family with the mystery hunt. It’s great that they are making efforts to maintain links with the primary school and exploring the ways that we can promote the language together.

ARD MHACHA

Naomh Peadar an Lorgáin 

Maith iad Naomh Peadar an Lorgáin as eispéireas pictiúrlainne a eagrú d’achan duine leis an scannán ‘Doineann’ as Gaeilge. Tugadh spreacadh ar leith don oíche de bhrí go raibh an stiúrthóir Damien McCann i láthair agus bhí baill an chumainn in ann ceisteanna a chur air faoin scannán. Thairis sin, lean imeachtaí seachtain na Gaeilge ar aghaidh sa chlub le rang aclaíochta as Gaeilge, biongó agus tráth na gcéist.

Well done to St Peter’s of Lurgan for organising a cinematic experience for everyone with the move ‘Doineann’ in the Irish language. The fact that the director himself, Damien McCann was in attendance brought the event to life and club members were able to ask him questions about the film. Moreover, the Seachtain na Gaeilge events continued into the week with exercise classes in the Irish language, bingo and a quiz.

 

MUINEACHÁN

Gaeil Triúcha CLG 

Tá iarrachtaí móra ar bun ag Gaeil Triúcha le cúpla bliain anuas tar éis dóibh clárú d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha den chéad uair in 2020. Ó shin i leith, bíonn imeachtaí sóisialta Gaeilge ar siúl sa chlub i rith na bliana agus baineann an club úsáid rialta as an teanga ar na meáin shóisialta agus i ngnéithe uile an chlub. I mbliana mar chuid de Sheachtain na Gaeilge d’fhreastail suas le 100 duine ar Thráth na gCeist sa chlubtheach.

Truagh Gaels have made huge efforts in the past couple of years with the Irish language, having registered with the Joe McDonagh foundation for the first time in 2020. Since then, there are Irish language social events in the club during the year and they make regular use of the language on social media and in all aspects of the club. This year, as part of Seachtain na Gaeilge, up to 100 people went to an Irish language quiz in the clubhouse.

An Bhoth CLG 

Chláraigh an Bhoth d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha anuraidh den chéad uair. Cé nár bhain siad aon bhonn amach sa chéad bhliain sin, níor chaill coiste an chlub an misneach riamh agus leanann siad ar aghaidh ag eagrú imeachtaí Gaeilge gach mí sa chlub – mar a rinne siad le roinnt blianta anuas. Bíonn ciorcal comhrá sa chlub achan óiche Mháirt agus freastlaíonn scaifte breá Gaeilgeoirí ar an seisiún ceoil míosúil a bhíonn á reáchtáil acu. I mbliana, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, d’eagraigh an club seisiún ceoil ar Lá Fhéile Pádraig agus ba mhór an tslua a bhí i láthair!

Scotstown registered with the Joe McDonagh Foundation last year for the first time. Even though they didn’t receive a medal in the first year, the club committee never lost hope and they continued to organise Irish language events every month in the club – as they have done for several years. There is an Irish language conversation circle in the club every Tuesday night and a good crowd of Irish language speakers attend the monthly music session that is organised. This year, as part of Seachtain na Gaeilge, the club organised a music session on St. Patrick’s day and there was a great crowd in attendance!

DÚN NA NGALL

Cill Chartha CLG 

D’eagraigh an club CLG Chill Chartha ‘Pop-up Gaeltacht’ i dTeach John Joes, Cill Chartha ar an 3ú lá de mhí Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2023 agus an Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.

Kilcar organised a ‘Pop-up Gaeltacht’ in Teach John Joes, Kilcar on the 3rd of March as part of Seachtain na Gaeilge and their involvement with the Joe McDonagh foundation.

Chruthaigh Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha an coincheap atá taobh thiar den téarma ‘Pop-up Gaeltacht’ nó ‘Preab-Gaeltacht’, de bharr sin tá na daoine le cumas teanga difriúil ábalta bualadh le chéile chun Gaeilge a labhairt in áit neamhfhoirméalta – de ghnáth teach tábhairne.

Peadar Ó Caomhánaigh and Osgur Ó Ciardha created the concept for the phrase ‘Pop-up Gaeltacht’, meaning that people who have different levels of Irish are able to meeting up to speak in Irish in informal settings – usually in the pub.

Bhain achan duine sult as an oíche, lán le cultúr, ceol agus craic i gCill Chartha, d’eagraigh Aimée Ní Bheirn, Oifigeach na Gaeilge CLG Chill Chartha an ‘Pop-Up Gaeltacht’ le tacaíocht ó Ghlór na nGael. Is mac léinn MA i Léann na Gaeilge í Aimée ó Fhiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Dar le hAimée, “tá neart daoine ann ón cheantar seo le Gaeilge ach caithfidh muid imeachtaí a eagrú, imeachtaí atá oscailte d’achan duine atá ag iarraidh a bheith páirteach. De bharr sin tá CLG Chill Chartha ag iarraidh Pop-Up Gaeltacht a eagrú go rialta, tá mé iontach sásta leis an chéad imeacht agus tá muid ag súil go mór leis an chéad cheann eile”.

Everyone enjoyed the night full of culture, music and craic in Kilcar, organised by the club’s Irish language officer, Aimée Ní Bheirn, with the support of Glór na nGael. Aimée Ó Fhiontar is a student of Irish in Dublin City University. Aimée believes that there are plenty of people in the area who have Irish but that they have to organise events that are open to everyone who is looking to take part. She said that Kilcar is looking to organise a Pop-up Gaeltacht regularly, for that reason, that the first event went well and she’s looking forward to the next one.

Gabh Mícheál Mac Seáin, cathaoirleach CLG Chill Chartha buíochas leis an slua a bhí ann ag cur béim ar an Ghaeilge trí mhodh nua. Chuir Naomi Nic Giolla Chearra tús den tsiamsaíocht ar an oíche chan sí amhrán as Gaeilge, tar éis sin d’aithris John Joe Ó’Beirne dán ‘An Bonnán Buí’ le Cathal Buí Mac Giolla Ghunna agus chan daoine eile cúpla amhrán fosta. Thacaigh gnóthaí nó daoine áitiúla leis an imeacht agus ba mhaith le CLG Chill Chartha bhuíochas a chur in iúl do Theach John Joes, Drioglann Ard an Rátha/Driogairí Shliabh Liag agus d’ealaíontóir smididh Laura Ní Bheirn freisin.

Chairperson of Kilcar CLG, Mícheál Mac Seáin, thanked the crowd who were in attendance, promoting the language in a new way. Naomi Nic Giolla Chearra started the night’s entertainment by singing a song in Irish, after that came John Joe Ó’Beirne’s poem ‘An Bonnán Buí’ by Cathal Buí Mac Giolla Ghunna and other people sang a couple of songs too. Local people helped with the event and the club want to thank John Joes Pub, Ardara distillery, Slieve League distillery and make-up artist Laura Ní Bheirn too.

Bhí an seanfhocal ‘Beatha teanga í a labhairt’ scríofa ar an phóstaer don imeacht le CLG Chill Chartha agus míníonn an seanfhocal seo an tabhacht atá i gceist le himeachtaí a chruthú chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail. Tá CLG Chill Chartha ag iarraidh níos mó imeachtaí agus ranganna a eagrú trí mheáin na Gaeilge.

The proverb ‘The Life of a language is to live it’ was written on a poster for Kilcar’s events and it explains the importance of creating events to promote the Irish language in the community. Kilcar are looking to organise more events and classes through the medium of Irish.

Tharla an Pop-Up Gaeltacht le CLG Chill Chartha trí thacaíocht ó Ghlór na nGael, Foras na Gaeilge agus Foclóir.ie.

The Pop-up Gaeltacht with Kilcar happened with the support of Glór na nGael, Foras na Gaeilge and Foclóir.ie.

What is a Pop-Up Gaeltacht?

‘A Pop-Up Gaeltacht is an informal gathering of Irish speakers of various abilities (often in a bar) where they can meet and talk in a convivial atmosphere’.

 

 

Sign up now to get the latest from Ulster GAA