Cumann Lúthchleas Gael Uladh

Club Gaeilge na Bliana 2023: An Gearrliosta – Éire Óg, Tír Eoghain

March 3rd, 2024

Tá CLG Uladh go mór faoi chomaoin ag na clubanna iontacha fud fad an chúige seo a dhéanann obair iontach ar son na teanga.

Táimid eolach ar chuid mhaith den obair seo. Tá go leor oibre ag dul ar aghaidh nach bhfuil i mbéal an phobail, áfach, agus tá sé rí-thábhachtach go dtugtar aird ar na hiarrachtaí sin. Is as an bhearna sin a d’eascair coincheap an ghradaim seo. Ba mhaith linn deis a thabhairt do chlub amháin gach bliain aird a tharraingt orthu féin, agus a gcuid oibre ar son na Gaeilge a chur ar ár súile dúinn.

Ba mhaith linn comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le hÉire Óg, Tír Eoghain agus iad a mholadh go hard na spéire as an obair atá ar bun acu.

Is iomaí rud ata ar bun ag an chlub, i measc na n-iarrachtaí a rinneadh in 2023, tá:

  • Bonn airgid de chuid na Fondúireachta bainte amach ag an chlub. (https://www.glornangael.ie/clg/)
  • Fochoiste teanga agus cultúir curtha ar bun le freastal ar theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge agus ar pháistí an Ghaeloideachais sa cheantar.
  • An Ghaeilge le feiceáil sa chlub nó cuireadh comharthaí móra in airde ag geata an chlub, tá sí le léamh ar na meáin shóisialta agus tá muintir an chlub ag comhoibriú le grúpaí teanga eile.
  • Ceachtanna teanga acu mar chuid de lá traenála do chóitseálaithe.
  • Iarracht déanta ag an chlub imreoirí agus captaein na bhfoirne a chur faoi agallamh ar an pháirc féin, agus cloistear óráid i nGaeilge ó na captaein chomh maith.
  • Féile an Fhómhair ann, turnamaint idir clubanna a bhfuil Gaelscoileanna sa cheantar acu / a bhfuil baill óga acu le Gaeilge.
  • Siúlach Scéalach anois faoi lán seoil; grúpa siúlóide trí Ghaeilge.

Bhí an méid seo le rá ag an chlub fá bhliain (agus saol!) d’obair chrua:

‘Thaitin Féile an Fhómhair go mór leis na páistí agus leo siúd a chonaic na hagallaimh ar na meáin shóisialta.  Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar stádas na Gaeilge sa cheantar. Nuair a thugtar ardú céime/ stádas don teanga, bíonn meas ag daoine uirthi agus bíonn suim ag daoine níos mó Gaeilge a fhoghlaim agus a úsáid.  Cuirfidh sé leis na hiarrachtaí atá ar siúl cheana féin ardán níos lárnaí a thabhairt don teanga sa cheantar agus sa chumann.’

——

Club Gaeilge na Bliana is awarded as part of the Ulster GAA Awards  (read more here).

The 2023 Club Gaeilge na Bliana was awarded in February 2024. As part of the decision-making process, 4 clubs were shortlisted due to their excellence in integrating Gaeilge into the fabric of club life. One of the clubs shortlisted for their 2023 work is Tyrone’s Éire Óg.

Some examples of the Gaeilge initiatives carried out:

  • Silver medal with Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha (https://www.glornangael.ie/clg/)
  • Foundation of a language and cultural subcommittee to support families raising children with Irish and for children attending local Irish-medium schools.
  • Irish is made visible and brought to the fore in Éire Óg with signs at the club gates, Gaeilge on social media and collaborative work with other Irish language organisations.
  • Gaeilge for coaching sessions.
  • Interviews with players on the football pitch, as well as speeches as Gaeilge from captains accepting trophies on behalf of the club.
  • Inception of ‘Féile an Fhómhair’, a blitz competiton for clubs with Gaeilge speaking players.
  • Launch of an Irish language social enterprise in the form of a walking group trí Ghaeilge.

Comhghairdeas ó chrói le baill an chlub agus le lucht na teanga go háirithe. Congratulations, Éire Óg! Well-deserved shortlisting and we look forward to seeing the club go from strength to strength during 2024. #GAAGaeilge #SnaG24

Sign up now to get the latest from Ulster GAA